A Break with Carrot Juice 13/2, 2012, Liteagraf, 21 x 29.7 cm (Íomhá le caoinchead an ealaíontóra agus mother’s tankstation.)
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne ina
bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Atsushi Kaga, a bhfuil a shaothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne – ‘A Break with Carrot Juice 13/20’ – atá le feiceáil ann agus cén tábhacht a bhaineann lena shaothar ealaíne a bheith mar chuid de bhailiúcháin
na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/
Sa phrionta seo, léirím lá leadránach leamh i saol an phéintéara a phéinteálann Josef Albers ar nós pictiúir theibí. Is cosúla an péintéir, Bunny, le péintéir dáiríre amaitéarach ná ealaíontóir gairmiúil. Is maith liom tagairt a dhéanamh do startha ealaíne
an Iarthair agus an Oirthir chomh maith le ‘lánúineacha neamhdhóchúla’ a mheascadh chun neas-suíomhanna ciotacha a dhéanamh.
Péinteálaim glasraí agus torthaí cuid mhaith i mo chuid oibre, níos mó fós le déanaí ó tharla an tubaiste núicléach in Fukushima in 2011. D’athraigh sé sin an bealach a smaoinímid ar bhia agus ar tháirgeadh bia ón mbun.
Uaireanta, is maith liom íomhánna síochánta a phéinteáil cosúil leis na cinn ar na seanearraí ceirmeacha Síneacha agus Seapánacha. Is gnáthradhairc laethúla iad de ghnáthdhaoine. Seo é ceann acu.
Is mór agam a bheith mar chuid de Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ós rud é gur as an tSeapáin ó dhúchas mé. Mothaím go bhfuil mé san áireamh. Is mór an t-ionadh dom é fáilteachas na hÉireann, rud a mbím buíoch as i gcónaí.
—Atsushi Kaga
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr.
Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil go leor acu
ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.