Christine Mackey, Seedboards 6. B.Sprouts, 2010-2013, Líníocht le dúch, ábhar plandaí brúite, ábhar grianghrafadóireachta agus priontaí cartlainne faisnéise, téacsanna, málaí síolta déanta le páipéar le líníochtaí ina bhfuil síolta, 77.5 × 99 cm i bhfráma
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne ina bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Christine Mackey, a bhfuil a saothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne – ‘Seedboards 6. B.Sprouts, 2010-2013’, ón tionscadal SEED BOARDS – atá le feiceáil ann agus cén tábhacht a bhaineann leis saothar ealaíne seo a bheith mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
Bhí fócas an tionscadail fhairsing seo SEED BOARDS ar an ‘síol’, mar mheafar i leith idirspleáchas córas éiceolaíochta, gabháil orgánach plandaí agus aimhrialtachtaí tháirgeadh agus shlándáil an bhia. I measc na gceisteanna bunúsacha a d’eascair as an obair seo tá an briseadh idir réasúnaíocht eolaíoch agus eolas dúchasach agus na héagsúlachtaí cultúrtha maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear, a mbainistítear agus a rialaítear plandaí. Ba é an tóraíocht chruthaitheach an chúis a bhí ann le casadh le coigilteoirí síolta, feirmeoirí agus garraíodóirí i dtíortha éagsúla agus foghlaim a modhanna caomhantais, bunúis stairiúla agus chultúrtha phlandaí bia ar leith san áireamh. Is é an rud a nascann an obair seo mar a léirítear í trí na SEED BOARDS ná ár gceangal uilíoch le plandaí mar fhoinse fuinnimh agus mar an bhfoinse as a dtosaíonn an saol ar fad. Nochtann siad freisin luachanna cultúrtha éagsúla maidir le hiomadú agus úsáidí plandaí agus ár bhfolláine agus ár gcaidreamh leis an mbia a ithimid agus an cúram a dhéanaimid dínn féin. Leis an gcur chuige seo, b’fhéidir gur cheart dúinn athmhachnamh a dhéanamh ar ár gcaidreamh le plandaí agus breathnú orthu ní mar rudaí atá le húsáid ach mar chomhghuaillí comhionanna a éilíonn comhfhios suibiachtúil fealsúnachta agus meas dá marthanas fadtéarmach.
Tá áit bhuan ag na SEED BOARDS i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon a chiallaíonn gur féidir aire a thabhairt don obair seo, cosúil leis na síolta a bhailím ó mo ghairdín, agus gur féidir í a scaipeadh ar bhealaí poiblí nach mbeinn féin in ann a dhéanamh. Ós rud é go bhfuil 2021 ainmnithe ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), ciallaíonn sé go leanann na saothair seo orthu ag aimsiú gutha mar go léiríonn siad ár n-ábhair imní dhomhanda reatha maidir leis an saol ar an bpláinéad seo agus maidir leis na héifeachtaí a bhíonn ag athrú domhanda agus díghrádú an chomhshaoil. Coinníonn na saothair seo na comhráite ag dul agus le tacaíocht ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, leanaim orm ag cur eolais ar mo chleachtas agus ag cothú mo chleachtais go dtí an lá atá inniu ann ar bhealaí nua dúshlánacha.
—Christine Mackey
issuu.com/leitrimchristine/docs/seedmatter // christinemackey.info
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.