THE PERSISTENT RETURN, 2018 Teilgean dhá scáileán íomhá gluaistí, físeán HD le fuaim steirió, 12.28 nóiméad, Eagrán 1/3. Arna léiriú ag Workhouse Union do Workhouse Guild le tacaíocht ó Dhámhachtain Tionscadail ón gComhairle Ealaíon, agus tacaíocht léirithe ó Ionad Visual, Ceatharlach.
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne
ina bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Deirdre O’Mahony, a bhfuil a saothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne – ‘The Persistent Return’ – atá le feiceáil ann agus cén tábhacht a bhaineann leis an saothar ealaíne sin a bheith mar chuid de
bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
Rianaíonn The Persistent Return stair an phráta agus an ról a bhí aige i gcumhacht a chomhdhlúthú agus a dhíriú san Eoraip sa 17ú agus san 18ú haois. Go stairiúil, thug an práta leis an fhéidearthacht go mbeifí saor ó thimthriallta gorta ach
thug sé leis freisin spleáchas dainséarach ar mhonashaothrú. Léiríonn an scannán an costas daonna a bhaineann le tús áite a thabhairt do réasúnachas eolaíochta chun dochair eolais intuigthe, meabhrúchán go bhfuil gá le scileanna an chinn agus
na láimhe araon chun freagairt go gníomhach do na dúshláin a bhaineann leis an athrú aeráide sa lá atá inniu ann.
Is í an suiteán íomhá gluaistí an toradh ar thionscadal seala ama, SPUD. Chumaisc an script téamaí ó na leaganacha éagsúla de SPUD: conquistadoranna na Spáinne, iomairí foirfe prátaí, teach na mbocht. Le grúpa comhoibrithe, tháinig tionscadal
SPUD le chéile mar The Persistent Return.
Spreagadh an teideal a roghnaíodh trí Candide le Voltaire a athléamh, ar úrscéal é a foilsíodh ag buaicphointe na hEagnaíochta atá an-ábhartha don am i láthair ina bhfuil fócas cúraim agus airde ar ghairdíní, arís eile, in aimsir Covid.
Bealach a bhí sa scannán dom comhráite a ghabháil faoi bhia, faoin inbhuanaitheacht agus faoi chultúr bia. Thug sé bealach dom machnamh a dhéanamh ar an ngné shóisialta tríd an íomhá ghluaisteach agus bhí sé lárnach do smaoineamh ar shnáitheanna taighde
a léiriú tríd an íomhá ghluaisteach. Tá tábhacht phearsanta ag baint lena chur san áireamh i mBailiúchán na Comhairle Ealaíon mar dhearbhú ar bhealach nua oibre agus déanfar go mbeidh sé éasca do lucht féachana agus comhthéacsanna nua teacht air.
—Deirdre O’Mahony
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá
bharr. Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil
go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.