Untitled ó Tomorrow is Sunday, 2014 – 2020, Ábhar Datha Cartlainne ar Hahnemuhle PhotoRag Baryta, 40.8cm x 27.1cm
D’ainmnigh na Náisiúin Aontaithe 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (BITG), chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le torthaí agus glasraí do gach duine. Chun BITG 2021 a cheiliúradh, tá rogha saothar ealaíne ina
bhfuil torthaí agus/nó glasraí tugtha le chéile againn ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon. Clúdaíonn na saothair ealaíne sa taispeántas seo stair an bhailiúcháin, agus an ceann is sine ó 1964 agus an ceann is nuaí ó 2018.
Anseo, insíonn Miriam O’ Connor, a bhfuil a saothar sa taispeántas ar líne, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne – ‘Untitled’ ó Tomorrow is Sunday – atá le feiceáil ann agus cén tábhacht a bhaineann lena saothar ealaíne a bheith mar chuid
de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
Tháinig an grianghraf seo ó bhailiúchán saothar dar teideal Tomorrow is Sunday a théann i ngleic le m’fhilleadh ar an bhfeirm teaghlaigh tar éis bhás mo dhearthár in 2013. Forbraíodh an saothar le linn na hidirthréimhse seo, agus déantar machnamh
ann ar éilimh laethúla shaol na feirmeoireachta agus scrúdaítear ann freisin ról na grianghrafadóireachta i méid na hócáide seo a d’athraigh an saol a chur in iúl. Tógadh an íomhá seo i samhradh na bliana 2018 agus taispeántar ann an bealach isteach
chuig uachais i ngort in aice leis an teach feirme. Bhí ról meafarach ag an íomhá sa tsraith sa mhéid is gur féidir a mheas gur áit teasa agus tearmainn í uachais uaireanta, ach tarraingíonn siad aird freisin ar na rudaí anaithnid níos dorcha a luíonn
faoi dhromchla na hithreach.
Tá sealbhú saothar ó Tomorrow is Sunday ag an gComhairle Ealaíon chomh dearfach agus chomh spreagúil sin do mo chleachtas ealaíne. Cinntíonn a bheith mar chuid den bhailiúchán go bhfuil sé d'acmhainn ag saothar a ghéaga a shíneadh amach agus a
bheith inrochtana do lucht féachana i gcomhthéacsanna agus in áiteanna éagsúla, anois agus amach anseo. Is féidearthacht dhraíochtúil é sin i ndáiríre.
—Miriam O’Connor
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr.
Táthar fós ag cur leis an mBailiúchán sa lá atá inniu ann, agus tá níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann; píosaí dealbhóireachta, pictiúir, taibhithe, priontaí, físeáin, suiteáin, agus grianghraif agus saothar eile san áireamh; a bhfuil go leor acu
ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic leis an ealaín agus taitneamh a bhaint aisti lena súile féin.
Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com.