Photo: Eimear Walshe, ‘ROMANTIC IRELAND’, 60th International Art Exhibition – La Biennale di Venezia
. Photo by Faolán Carey.
Is i measc na n-institiúidí cultúrtha is mó le rá ar domhan le 120 bliain anuas é Biennale na Veinéise. Bunaíodh an Biennale in 1895 nuair a eagraíodh an chéad Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta. Cuireadh tús le féilte nua sna 1930idí: Forbraíodh an
carachtar ildisciplíneach atá ag an gCeol, ag an Scannánaíocht, ag an Amharclannaíocht agus ag an Biennale fós sa lá atá inniu ann. Freastalaíonn os cionn 500,000 cuairteoir ar an mBiennale gach bliain.
Is é Biennale na Veinéise an taispeántas idirnáisiúnta is tábhachtaí i leith na n-ealaíon comhaimseartha fós. A bhuí leis an Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta débhliantúil, tugtar deis uathúil d’Éirinn ealaín chomhaimseartha na hÉireann a chur ar
taispeáint ar stáitse domhanda. Tá an Biennale ina ardán riachtanach d’ealaíontóirí, do choimeádaithe agus do choimisinéirí na hÉireann sa chaoi is go dtugtar deis ann dóibh próifíl idirnáisiúnta a fhorbairt mar aon le deiseanna eile. A bhuí le
Biennale na Veinéise, cuirtear taispeántas suntasach ar fáil inar féidir le healaíontóirí a gcuid saothar a chur ar taispeáint os comhair an tsaoil mhóir agus tugtar ardán iontach d'ealaíontóirí na hÉireann dul i dteagmháil le lucht féachana,
coimeádaithe agus úinéirí dánlainne go hidirnáisiúnta.
Ó bhí 2005 ann, is tionscnamh Rialtais faoi stiúir Chultúr Éireann é an ionadaíocht náisiúnta ag Biennale na Veinéise, i gcomhpháirt leis an gComhairle Ealaíon. Tá an dá chomhpháirtí den tuairim
gur deis thábhachtach é Biennale na Veinéise chun gur féidir le healaíontóirí forbairt a dhéanamh agus chun gur féidir le coimeádaithe oibriú i gcomhthéacs idirnáisiúnta.
Tar éis bheith curtha i láthair sa Veinéis, filleann taispeántas na hÉireann sa Veinéis ar Éirinn chun Camchuairt Náisiúnta a dhéanamh. Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon a bheith in ann tacú leis an taispeántas Éireannach den Chamchuairt Náisiúnta,
Éire sa Veinéis, mar chuid dár dtiomantas inár straitéis deich mbliana, ‘Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh’, a bhfuil sé mar aidhm léi tacú le healaíontóirí chun
saothair uaillmhianacha agus nuálacha a chruthú chun luchtanna féachana a ghabháil ar fud na tíre.
Eisítear gairm oscailte go débhliantúil chun léirithe spéise a fháil ar mhaithe le Coimeádaí agus Coimisinéir a cheapadh i leith Ionadaíocht Náisiúnta na hÉireann sa Veinéis. Déantar an fhoireann a dhéanfaidh ionadaíocht thar ceann na hÉireann a chinneadh
tar éis próiseas iomaíoch oscailte le moltóirí idirnáisiúnta, i gcomhpháirtíocht le Cultúr Éireann agus leis an gComhairle Ealaíon.
Éire sa Veinéis - Fógraíonn an tAire Catherine Martin ionadaíocht na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán , Catherine Martin T.D., gur roghnaíodh an t-ealaíontóir Eimear Walshe le Sara Greavu agus Project Arts Centre mar choimeádaí, chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na
hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024.
Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na hardáin idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharcealaíona, agus meallann sé os cionn leathmhilliún cuairteoir, lena n-áirítear coimeádaithe, gailearaithe,
léirmheastóirí ealaíne agus ealaíontóirí domhanda. Roghnaíodh an fhoireann chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn tar éis próisis oscailte iomaíoch le baill den ghiúiré idirnáisiúnta. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis
an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.
Dúirt an tAire Martin: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hEimear Walshe, Sara Greavu agus Project Arts Centre as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Biennale Ealaíne na Veinéise 2024. Méadaíonn ionadaíocht
sa Veinéis feasacht ar earnáil láidir amharc-ealaíon na hÉireann agus is tráth tábhachtach é i ngairm bheatha ealaíontóra. Déanann mo Roinnse, trí Chultúr Éireann, Éire sa Veinéis a choimisiúnú i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon”.
Cuirfidh Pailliún Eimear Walshe don Veinéis 2024 sintéis chultúrtha nua ar fáil a nascfaidh ár nóiméad comhaimseartha leis an am atá thart, go háirithe le hoidhreachtaí inscne agus gnéis a bhaineann le stair na talún agus na tithíochta. Agus
iad ag obair le raon comhoibrithe thar a bheith cumasach, molann a gcuid oibre caidreamh le talamh agus foscadh arna thiomáint ag comhghníomhaireacht agus pobal. Fillfidh an saothar seo ar Éirinn ar camchuairt náisiúnta a thacóidh an Chomhairle
Ealíon in ionaid éagsúla ar fud an oileáin.
Dúirt an t-ealaíontóir a roghnaíodh, Eimear Walshe: “Táim an-bhródúil as ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn sa Veinéis i mí Aibreáin seo chugainn. Tá mo chleachtas fite fuaite in Éirinn, san áit agus leis na daoine is ansa liom, agus cuireann sé
sin go mór leis. Ag an am céanna, eascraíonn mo chuid oibre as comhthéacs náisiúin i ngéarchéim atá ag dul i méid; is é seo ábhar mo chuid oibre. Agus Sara Greavu ina coimeádaí, tá sé mar aidhm againn pailliún a dhéanamh in ómós dóibh siúd atá
mar dhídean dá chéile, in ainneoin na n-ainneoin.”
Dúirt an coimeádaí Sara Greavu: “Cuireann Biennale na Veinéise deis iontach ar fáil chun smaointe, cleachtais agus práinneanna na healaíne comhaimseartha in Éirinn a nascadh le healaíontóirí, smaointeoirí agus pobail go hidirnáisiúnta. Léiríonn
saothar iontach Eimear Walshe dearcadh ghlúin a bhfuil drochbhail uirthi, agus moltar ann bealaí nua chun dáimh, grá áite agus pobail a chothú; diúltú do choimhthíos leis an stair agus leis an bpobal, le teanga agus le traidisiún. Tá an-áthas
orainn oibriú leo ar ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis. Tá Pailliún na hÉireann sa Veinéis ábhartha do chreat níos leithne an 60ú Biennale na Veinéise, fiú agus é ag tarraingt ár n-aird ar ár saolta sóisialta agus ábharacha féin, ag athrú ár
dtuiscint orainn féin.”