Na healaíona rannpháirteachais
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do na healaíona rannpháirteachais agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt
Tuigeann an Chomhairle Ealaíon go bhfuil réimse leathan cleachtas i gceist i gcás na n-ealaíon rannpháirteachais ina n-oibríonn daoine i gcomhar le healaíontóirí oilte chun ealaíona a chruthú nó a bhreithmheas. Is í príomhaidhm na hoibre seo ná daoine agus pobail chruthaitheacha a fhorbairt. Is cuid lárnach í seo de chuspóir na Comhairle Ealaíon maidir le gach foirm, scéim agus clár ealaíon.
Is é an cuspóir atá ag an gComhairle Ealaíon sa réimse seo ná a chinntiú go rachaidh chomhpháirtithe agus rannpháirtithe i dteagmháil le healaíona d'ardchaighdeán, is go mbeidh tionchar leanúnach aige sin ar uaillmhian, scileanna agus beartas ealaíonta. Déanaimid é seo trí thacaíocht a thabhairt do córas tacaíochtaí agus próisis dea-chleachtais bunaithe ar freagracht. Chun ár dtionchar a thomhas, féachaimid ar fhorbairt ealaíonta daoine maidir le dul chun cinn atá déanta acu ag aithint gur féidir le torthaí a bheith fíneálta, nach féidir próiseas agus táirge a dheighilt óna chéile, agus gur féidir sárfheabhas a bhaint amach gan táirge a chruthú atá ar fheabhas ó thaobh áille de. Tacaímid le caidreamh cómhalartach ina bhfuil an pobal ealaíon ag saibhriú an phobail agus an pobal ag saibhriú daothair an phobail ealaíne.