Tacú le hEalaíontóirí in Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Faoi straitéis na Comhairle Ealaíon chun teagmháil agus rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú, forbraíodh roinnt scéimeanna agus tionscnamh go díreach dóibh siúd atá ag obair i réimse an rannpháirteachais sna healaíona. Tá scéim Cheangal na
nEalaíon agus an Mhíchumais ar cheann de na deiseanna seo. Tá scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais á maoiniú ag an gComhairle Ealaíon agus á bainistiú ag Arts & Disability
Ireland.
Scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais (ADC)
Tacaíonn scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais le healaíontóirí faoi mhíchumas atá ag obair in aon fhoirm ealaíne le bheith uaillmhianach, chun a gcleachtas a fhorbairt agus chun teagmháil a dhéanamh le healaíontóirí agus le heagraíochtaí ealaíne
eile in Éirinn.
- Tá dhá spriocdháta gach bliain agus tá ceithre shnáithe ag baint le gach babhta: Oireann
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Saothar Nua d’ealaíontóirí atá ar an bhfód le tamall, a bhfuil tréanchuntas teiste acu ina gcleachtas gairmiúil agus ar mian leo oibriú le healaíontóirí agus le comhpháirtithe ealaíon chun
saothar nua a chruthú agus chun saothar a chur i láthair in eagraíochtaí, amhail in ionaid agus i bhféilte ealaíon seanbhunaithe
- Oireann
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Meantóireacht d’ealaíontóirí atá ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt ghairme, lena n-áirítear ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, ar mian leo dul i mbun deiseanna meantóireachta
- Oireann
Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais – Oiliúint d’ealaíontóirí atá ag céimeanna éagsúla dá bhforbairt ghairme, lena n-áirítear ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, ar mian leo dul i mbun forbairt ghairmiúil agus deiseanna foghlama eile
- Is é an cuspóir atá ag Taighde agus Machnamh ná chun am agus acmhainní a thabhairt d’ealaíontóirí seanbhunaithe faoi mhíchumas chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas.
Tá tacaíochtaí agus acmhainní ar fáil d’iarratasóirí lena n‑áirítear Seisiún Bí
Linn agus Cuir Ceist, Tacaíocht Iarrthóra duine ar dhuine, agus Seisiún
Faisnéise taifeadta, is féidir leat a rochtain anseo.
Chun faisnéis a fháil faoin gcaoi chun iarratas a dhéanamh téigh chuig suíomh
gréasáin Arts & Disability Ireland
Má tá aon cheist agat faoi scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais, seol ríomhphost chuig connect@adiarts.ie.
Blianta de Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais
Déanfaimid comóradh deich mbliana
ar an gcruthaitheacht faoi scéim Cheangal na nEalaíon agus an Mhíchumais de
chuid na Comhairle Ealaíon in 2024.
Ó bhí 2014 ann, thug ADC
tacaíocht do 127 ealaíontóir cumasach, a thiocfaidh le chéile ar an 11
Meitheamh 2024 sa Project Arts Centre, chun ceiliúradh a dhéanamh ar dheich
mbliana na deise seo, aithne a chur ar dhaoine agus a gcuid taithí a roinnt
lena chéile.
Táimid ag súil le lá an
cheiliúrtha, agus deis iontach a bheidh ann dúinn ar fad ceangal lena
chéile! Fiosraigh an tsraith agallamh seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi chuid de na healaíontóirí arna
maoiniú ag scéim ADC agus faigh amach conas a raibh tionchar aige ar a slite
bheatha.