Tacú le hEalaíontóirí in Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Faoi straitéis na Comhairle Ealaíon chun teagmháil an phobail leis na healaíona rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú, forbraíodh roinnt scéimeanna ar leith agus tionscnamh go díreach dóibh siúd atá ag obair i réimse na rannpháirtíochta sna
healaíona. Tá an scéim na hEalaíona sa Phobal ar cheann de na deiseanna seo.
Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal (AIC)
Dhá uair in aghaidh na bliana, cuireann an Chomhairle Ealaíon deontais ar fáil chun go mbeidh ealaíontóirí agus pobail áite/suime in ann oibriú le chéile ar thionscadail.
Ní mór d’iarrthóirí a bheith ag obair mar ealaíontóirí i gceann ar bith de na foirmeacha ealaíne seo a leanas: ailtireacht, sorcas, sráidealaíon agus seónna, damhsa/rince, scannán, litríocht (i nGaeilge nó i mBéarla), ceol, ceoldrámaíocht, téatar, na
hamharcealaíona agus ealaíona traidisiúnta.
Is féidir na tionscadail a reáchtáil i réimse leathan comhthéacsanna sóisialta agus pobail lena n-áirítear na healaíona agus míchumas, na healaíona agus an tsláinte; na healaíona agus daoine breacaosta; na healaíona agus an éagsúlacht chultúrtha agus
na healaíona agus pobail. Cuireadh tionscadail ar siúl i suíomhanna éagsúla, mar shampla in ionaid phobail, in ospidéil, i suíomhanna chúraim, i bpríosúin agus i bpáirceanna nó i spásanna poiblí.
Is é príomhsprioc na scéime seo chun comhoibriú bríoch a spreagadh idir pobail áite agus/nó spéise agus ealaíontóirí. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na healaíontóirí agus le baill an phobail ábhar an tionscadail a roghnú agus beidh siad in ann a chinneadh
cén chuma a bheidh ar an toradh deiridh.
Tá an scéim seo á bainistiú ag Create, an
ghníomhaireacht forbartha náisiúnta um ealaíona comhoibritheacha i
gcomhthéacsanna sóisialta agus pobail ar son na Comhairle Ealaíon.
Deiseanna atá ar fáil:
- Dámhachtain Taighde agus
Forbartha gan mheantóireacht
- Dámhachtain Taighde agus
Forbartha le Meantóireacht
- Dámhachtain Taighde agus
Forbartha do Mhic Léinn a fuair céim le gairid le Meantóireacht
- Dámhachtain maidir le Cur i
gCrích Tionscadail
-
Dámhachtain Chónaitheachta
Catalyst
- An Dámhachtain Mheantóireachta
-
Dámhachtain Sparánachta
Sonraítear tuilleadh faisnéise, treoirlínte, foirm
iarratais agus tacaíocht ar shuíomh
gréasáin Create.