Tacú le hEalaíontóirí in Rannpháirtíocht sna hEalaíona
Faoi straitéis na Comhairle Ealaíon chun teagmháil agus rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú, forbraíodh roinnt scéimeanna agus tionscnamh go díreach dóibh siúd atá ag obair i réimse an rannpháirteachais sna healaíona. San áireamh le péire
de na tionscnaimh sin tá Scéim na nAmharc-Ealaíontóirí sna Príosúin, agus Scéim na Scríbhneoirí sna Príosúin. Tá na scéimeanna á mbainistiú go comhpháirteach ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann trína Rannán Oideachais agus ag an gComhairle Ealaíon.
Scéim na bhFísealaíontóirí sna Príosúin
Cuireann an Chomhairle Ealaíon deiseanna ar fáil tríd
an scéim seo d’fhísealaíontóirí le bheith ag obair le grúpaí de mhic léinn agus
a múinteoirí i bpríosúin na hÉireann.
Cuireann na healaíontóirí sraith ceardlann ar fáil do
mhic léinn ar spéis leo na cúrsaí sin. Ar na ceardlanna a reáchtáladh go dtí
seo, bhí dealbhóireacht, péinteáil, líníocht, ceirmeacht, mósáicí agus meáin
amhairc eile.
Pléann an múinteoir agus an t-ealaíontóir na cineálacha ceardlainne atá
ag teastáil agus nuair a bhíonn na haidhmeanna agus na cuspóirí soiléirithe acu
agus na dátaí socraithe, oibríonn an t-ealaíontóir, an múinteoir ealaíne agus
na mic léinn go léir le chéile.
Reáchtáladh an taispeántas leathbhliantúil ag Rua Red in 2024, agus
cuireadh saothar ealaíne ar taispeáint ann a rinne
príosúnaigh i gceardlanna. Tá tuilleadh faisnéise anseo.
Scéim na Scríbhneoirí sna Príosúin
Cuireann an scéim deis ar fáil do scríbhneoirí
roghnaithe a bheith ag obair le grúpaí mac léinn i bpríosúin na hÉireann.
Tugann múinteoirí nó leabharlannaithe ó aon cheann de na príosúin i bPoblacht
na hÉireann cuireadh do scríbhneoirí roghnaithe chun reacaireacht a dhéanamh nó
ceardlann a éascú nó sraith ceardlann a chur ar fáil do mhic léinn ábhartha. Ar
na ceardlanna a reáchtáladh go dtí seo, bhí litríocht, filíocht,
scríbhneoireacht drámaí agus scríbhneoireacht scáileáin.
Pléann an múinteoir agus/nó an leabharlannaí agus an
scríbhneoir an reacaireacht nó na cineálacha ceardlainne atá ag teastáil agus
nuair a bhíonn na haidhmeanna agus na cuspóirí soiléirithe acu agus na dátaí
socraithe, oibríonn an scríbhneoir i gcomhar leis na mic léinn.
Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an
gComhairle Ealaíon agus ag Seirbhís Phríosúin na hÉireann ar an bpainéalaí
reatha. Ní cheapfar níos mó ealaíontóirí ar an bpainéal nó go mbeidh an t‑athbhreithniú
críochnaithe.