Mar thoradh ar chur i bhfeidhm bheartas nua Damhsa na Comhairle Ealaíon, Rince Chun Cinn, beidh deiseanna méadaithe do lucht féachana agus ealaíontóirí ar fud na hÉireann chun dul i ngleic le damhsa agus ag an am céanna ag leathnú ár raon idirnáisiúnta. Is í an fhís atá mar bhonn is mar thaca ag an bpolasaí ná Éire ina n-aithnítear an damhsa mar chuid lárnach dár saol cultúrtha. Is foirm ealaíne é a nascann muid lenár gcorp, lenár samhlaíocht, agus lena chéile.
![Beartas Damhsa Beartas Damhsa](/uploadedImages/wwwartscouncilie/Content/Arts_in_Ireland/Dance/AC_Dance_Policy_Digital_Irish_Page_01.jpg?n=828)