-
Ballet Ireland
Cruthaíonn Ballet Ireland (Bailé Éireann) léiriúcháin bailé agus cláir rannpháirtíochta a théann i dteagmháil agus a chuireann le saol na ndaoine a ghlacann páirt iontu. Bíonn Bailé Éireann ag iarraidh barr feabhais a bhaint amach i ngach rud a dhéanann siad, ag obair go cruthaitheach agus go cuimsitheach, ag glacadh le hathruithe chun an bailé a chur chun cinn agus é a bhunú mar fhoirm ealaíne a bhfuil fáil ag an bpobal air.
http://www.balletireland.ie/
info@balletireland.ie
-
CoisCéim
Tá sé mar misean ag CoisCéim amharclann rince cuimsitheach de chaighdeán ard a léiriú ar bhonn inbhuanaithe - chun saothar ar leith a chruthú a bhfuil sé mar aidhm aige Éire chomhaimseartha a léiriú. Tá cur chuige dinimiciúil agus ag an gcompántas i leith an léiriúcháin, na rochtana agus na rannpháirtíochta cruthaithí agus bíonn siad ag pleanáil chun cinn. Tá sé ar intinn acu feasacht na rince a chur chun cinn in Éirinn agus ar an gcoigríoch chun lucht féachana a chothú sa todhchaí. Déantar an méid seo i gcomhréir le luachanna na macántachta, an fhuinnimh, an cheangail agus an áthais.
http://www.coisceim.com
info@coisceim.com
-
Damhsa Éireann
Tacaíonn Damhsa Éireann le forbairt gach cineál rince in Éirinn trí dheiseanna forbartha gairmiúla a chur ar fáil agus dul i mbun abhcóideachta.
Is iad eagraíocht forbartha rince de chuid na hÉireann iad agus, mar is dual dóibh mar gheall ar na bunúis atá acu, is iad an foras ionadaíoch de chuid phobal na rinceoirí proifisiúnta in Éirinn. Oibríonn Damhsa Éireann in éineacht lena cuid ball agus páirtithe chun an damhsa a chur chun cinn in Éirinn chun todhchaí inbhuanaithe ó thaobh na rince de agus gairmeacha beathaí dóibh siúd atá tiomanta don rince mar ghairm bheatha a chinntiú.
http://www.danceireland.ie/
info@danceireland.ie
-
Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath
Cuirtear na taibheoirí rince náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr i láthair gach bliain i mí Bealtaine ag Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath ag ionaid tionóil ar fud na cathrach agus bíonn an lucht féachana ag fás agus ag athrú bliana i ndiaidh bliana.
Is ardán ríthábhachtach é Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath d’ealaíontóirí agus do chruthú saothar nua. Cuirimid deiseanna ar fáil d’ealaíontóirí, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí chónaitheachtaí, choimisiúin agus pháirtithe agus trí chomhoibriú ealaíne, tástáil, fiontraíocht agus nuálaíocht ó thaobh na rince de a chur chun cinn.
Lorgaíonn Féile Dhamhsa Bhaile Átha Cliath eagraíochtaí, ionaid tionóil agus páirtithe straitéiseacha a bhfuil an dearcadh céanna acu agus déanann siad iarracht comhoibriú a chur ar bun leo chun deiseanna d’eagraíochtaí agus do phobal meáin a chruthú aon am den bhliain. Iarrann siad samplaí nua a fhiosrú chun an damhsa a léiriú agus camchuairt a thabhairt.
http://www.dublindancefestival.ie
info@dublindancefestival.ie
-
Irish Modern Dance Theatre
Is é Irish Modern Dance Theatre (IMDT) ceann de na compántais rince is úrnua agus nuálaí atá ag feidhmiú in Éirinn faoi láthair. Is ensemble atá lonnaithe in Áth Cliath iad a théann i dteagmháil le féilte, ionaid tionóil agus réimse leathan comhoibrithe cruthaitheacha agus páirtithe straitéiseacha. Déanann IMDT saothair rince sainiúla a choimisiúnú agus bhfuil foirne ó chúlraí éagsúla iontu, idir rímháistreacht, eitneacht agus glúin, agus tugann siad camchuairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Tacaíonn IMDT le ealaíontóirí comhlach, tionscadail choimeádaíochta agus cláir rannpháirtíochta. Tá naisc láidre ag an gcompántas le domhan na rince sna Stáit Aontaithe agus léiríonn siad Damhsóir de chuid Fhéile Dhamhsa Chóiréagrafaí na hÉireann gach bliain. Is ardán luachmhar é seo do chóiréagrafaithe Éireannacha agus do chóiréagrafaithe a deir gur Éireannaigh iad i mBaile Átha Cliath nó Nua-Eabhrach.
http://www.irishmoderndancetheatre.com
admin@imdt.ie
-
Shawbrook Residential
Déanann Shawbrook clár cócaireachta i gcomhair taibheoirí rince gairmiúla a bhainistiú ó cheann ceann na bliana.
Aitheanta go hidirnáisiúnta mar ionad barr feabhais don rince agus léiriú, tá Shawbrook tar éis timpeallacht oiliúnach a chothú ó thaobh chruthaitheacht na rince de ar feadh thart ar 35 bliain. Cé nach raibh mórán ann ar dtús, tá stiúideonna rince, amharclann, stáitse faoin aer, foraois ina bhfuil crainn dharach, fuinseoige agus feá inti agus svuít lóistín lonnaithe in Shawbrook faoi láthair. Bíonn clár imeachtaí á reáchtáil againn gach bliain, lena n-áirítear clár Idirnáisiúnta d’Ealaíontóir Cónaithe ó cheann ceann na bliana, léiriúcháin cheoil agus rince ag ár limistéar Stáitse Foraoise agus dianchúrsa forbartha gairmiúla do thaibheoirí rince.
http://www.shawbrook.org/
teamshawbrook@gmail.com
-
Teaċ Daṁsa
Bunaíodh Teaċ Daṁsa in 2016 ag Michael Keegan Dolan nuair a bogadh Compántas Amharclannaíocht Damhsa Fabulous Beast go Gaeltacht Chiarraí Thiar. Cothaíonn Teaċ Daṁsa naisc níos doimhne le traidisiúin, teangacha agus ceol na hÉireann, ag iarraidh deasghnátha amharclannaíochta agus rince a chur ar stáitse a bhfuil brí agus baint ar leith acu le lucht féachana sa lá atá inniu ann. Cuireann Teaċ Daṁsa áit ar fáil d’ealaíontóirí ina bhfuil siad in ann comhoibriú chun léiriúcháin amharclannaíochta agus rince a chur le chéile atá tairbheach agus claochlaitheach do na healaíontóirí seo agus an lucht féachana atá acu.
Leanann Teaċ Daṁsa an traidisiún atá acu maidir le saothair den chaighdeán is airde agus a théann i gcion ar lucht féachana mór go náisiúnta agus go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a chur i láthair. Neartaíonn a chuid léiriúchán nasc láidir an chompántais níos faide na Lár na Tíre go dtí an tIarthar, ag cur le leithne, cothromaíocht agus éagsúlacht na hamharclannaíochta rince in Éirinn.
Le deimhniú
aine@teacdamsa.com
-
United Fall
Tá meas ar United Fall, a bhfuil an rinceoir agus cóiréagrafaí Emma Martin i gceannas air, as an saothar uaillmhianach agus instinniúil dá chuid, a chuirtear i láthair i dteannta le ceol beo, amharclannaíocht, scannánaíocht agus domhan radhairc éagsúla. Bíonn an fonn an rince a léiriú go lom ina cheann feadhna ar na léiriúcháin seo i gcónaí.
http://unitedfall.com/
info@unitedfall.com