Linda Fearon, In Place, a Croí Glan Integrated Dance Production. Premiere at IMMA - Irish Museum of Modern Art, 2021(Photo © Luca Truffarelli)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do damhsa agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025) (PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Damhsa ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Damhsa 2018 (PDF, 0.59 MB).
Tá réimse cleachtais taibhléirithe ag an rince in Éirinn. Tá ealaíontóirí i séanraí bhailé clasaiceach, rince comhaimseartha, rince amharclainne agus an rince traidisiúnta le déanaí, ag glacadh páirte i dtaiscéaladh comhaimseartha maidir le próisis agus taibhléirithe. Tá an t-ádh ar Éirinn go bhfuil córagraifeadóirí cumasacha againn atá ag forbairt foclóirí láidre a bhfuil éagsúlacht ag baint leo, agus atá ag léiriú cuid de na saothair is nuálaíche in amharclannaíocht an lae inniu. Tá láidriú sheasamh na foirme ealaíne seo ina léiriú soiléir ar an obair a rinne ealaíontóirí agus oideachasóirí tiomanta leis na scórtha blianta anuas. Tá rince clúdaithe mar fhoirm ealaíne ainmnithe in Acht Ealaíon 2003. Tagann an t-aitheantas seo den fhoirm ealaíne ag an am céanna le hincháilitheacht chóragraifeadóirí i gcomhair bheith ina mball d'Aosdána, agus le forbairtí suntasacha ar spásanna rince tiomanta
Is í an Chomhairle Ealaíon an t-aon fhoinse shuntasach maoinithe atá ann don rince sa tír seo, agus tá ról riachtanach againn ag cabhrú le forbairt ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn agus in abhcóideacht na foirme ealaíne seo.