The Floating World le Claren Langan, faighteoir na Dámhachtana Tionscadail 2012.
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon d’ealaíontóirí scannáin agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Scannán ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Scannáin 2018 (PDF, 0.56 MB).
Tá an líon daoine is mó per capita a théann ag an bpictiúrlann san Eoraip le fáil anseo in Éirinn. Tá an rogha scannán, áfach, teoranta den chuid is mó do phictiúir thráchtála príomhshrutha. Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis iarracht a dhéanamh tabhairt faoi seo leis an tionscnamh Cuibhreannas Cineama Cultúrtha, a chuireann maoiniú caipitiúil ar fáil d'eagraíochtaí agus ionaid atá bainteach le tógáil agus leagan amach cláir chineama cultúrtha. "Is mian linn tacú leis an gcineama cultúrtha, leis an ealaíontóir aonair agus le heagraíochtaí a shaothraíonn chun glór sainiúil na hÉireann a chur chun cinn i gcomhthéacs domhanda
Tá deis ar leith ag an gComhairle Ealaíon tacaíocht a thabhairt do shaothar cruthaitheach d'ardchaighdeán nach bhfuil tacaíocht á fáil aige faoi láthair sa mhargadh. Tacaímid le scannán trínár ndeontais ioncaim reatha d'eagraíochtaí acmhainne, féilte agus compántais léiriúcháin agus inár ndeontais do dhaoine aonair trí sparánachtaí, dámhachtainí agus scéimeanna. Tá freagracht i gcomhair beartais phoiblí i leith scannáin á roinnt le Bord Scannán na hÉireann.
Tá ról na Comhairle Ealaíon sa scannán leithleach agus lárnach i soláthar bonneagair náisiúnta do chultúr an scannáin in Éirinn. Ta an fócas ar thacaíocht d’ealaíontóirí scannáin agus ar sholáthar is ar fhorbairt luchtanna féachana do chineama cultúrtha. Roinnimid an dualgas atá orainn i gcomhar le Bord Scannán na hÉireann le polasaí poiblí agus le tacaíocht a n-oibríonn chun tionscal scannán na hÉireann a fhorbairt.
Soláthraíonn an Chomhairle Ealaíon tacaíocht don ealaíontóir scannáin trí mhaoiniú do réimse leathan eagraíochtaí, ag tabhairt eagraíochtaí acmhainne scannáin agus féilte san áireamh, agus trínár scéimeanna dámhachtana is scannáin. Tá sé i gceist ag ár ndámhachtainí le deis a sholáthar d’ealaíontóirí chun saothar a dhéanamh ar bhonn turgnamhúil, fad is atá scéimeanna scannáin s’againne ann ar mhaithe le saothar ardchruthaitheach a dhéanamh do chraolachán tiomanta nó do thaispeántas féile.
Soláthraíonn agus forbraíonn an Chomhairle Ealaíon luchtanna féachana do chineama cultúrtha ar bhonn náisiúnta trí mhaoiniú ar raon eagraíochtaí clárúcháin scannán. Tacaímid le soláthróirí chineama cultúrtha ag oiriúint do thimpeallacht chineama a mbíonn ag athrú, agus ag obair chun acmhainn laistigh den earnáil a fhorbairt trínár dtionscnamh le Arts Audiences. I bpáirtnéireachtaí straitéiseacha le Bord Scannán na hÉireannn agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, tá maoiniú caipitil soláthraithe againn freisin d’fhorbairt chineama na ealaíne tigh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh, chomh maith le suiteáil fhearas teilgin digití i scáileáin phictiúrlainne ar fud na tíre.