Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do sorcas agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF,
2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil
agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt.Tá an Beartas reatha Sorcais, Ealaíon Sráide agus Seónna ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Sorcas, Ealaíona Sráide agus Seónna 2018 (PDF, 0.52 MB).
An difríocht idir sorcas clasaiceach agus sorcas comhaimseartha
Féadfar féachaint ar chleachtadh sorcais agus é a bheith ag teacht le dhá shruth ar leith: sorcas traidisiúnta/sorcas clasaiceach agus sorcas comhaimseartha. Cé go bhfuil stair fhada oibre ag sorcas clasaiceach in Éirinn, tá cleachtadh sorcas comhaimseartha
measartha nua.
Tá difríochtaí sa dá shruth idir na stíleanna léirithe, stiúradh ealaíne, modhanna dáileacháin, agus stair dul chun cinn laistigh den tír. Meallann sorcas mar fhoirm ealaíne líon ard lucht féachana agus éisteachta gach bliain lena n-áirítear cuid mhór
lucht féachana agus éisteachta tuaithe agus cuid mhór daoine as pobail nua. Earnáil fáis is ea gníomhaíocht sorcais don óige laistigh d’Éirinn..
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon leis an dá shruth sorcais, trí thacaíocht dhíreach agus idirghabháil straitéiseach, agus tá an Chomhairle Ealaíon i mbun na hearnála agus í ag cuidiú le daoine aonair agus le heagraíochtaí chun obair taibhithe ar ardchaighdeán
agus obair rannpháirtíochta ar ardchaighdeán a fhorbairt. D'ainneoin go dtuigimid an gá atá le caighdeán dhá shruth an tsorcais a chaomhnú, spreagaimid lucht ealaíne chomh maith dul i ngleic le teorainneacha cleachtas oibre trí dheiseanna thar réimse
disciplíní ealaíne a phlé agus a fhorbairt..