Symphony for the Restless, Macnas, 2014; (Grianghraf: Liam Carroll)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do na sráidealaíon agus seó agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas reatha Sorcais, Ealaíon Sráide agus Seónna ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Sorcas, Ealaíona Sráide agus Seónna 2018 (PDF, 0.52 MB).
Deiseanna a chuirtear ar fáil tríd an bhfoirm ealaíne seo
Glacann an Chomhairle le tábhacht na n-ealaíon agus taispeántas sráide chun aird an lucht féachana agus éisteachta a mhealladh i sainsuíomhanna agus i suíomhanna ar leith. Aithníonn an Chomhairle Ealaíon chomh maith na deiseanna a chuirtear ar fáil tríd an bhfoirm ealaíne seo chun comhpháirtíocht thurgnamhach, i gcás féilte go háirithe, a chruthú agus chun oibriú le gairmithe foirm ealaíne eile le saothar nua ceannródaíoch a chruthú. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta do thacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hobair ardchaighdeáin a léiriú sa réimse sin.