Amharc ar an spás lárnach Leabharlann Chathair Bhaile Átha Cliath, Parnell Square Cultural Quarter. Íomhá le caoinchead ó Grafton Architects.
Baineann pleanáil le bainistíocht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar thionchar na forbartha sin, idir dhearfach agus diúltach. Tá sainmhíniú leathan ag an bhforbairt agus sa chomhthéacs sin sainmhínítear í sa reachtaíocht mar “aon oibreacha a dhéanamh ar
thalamh, nó istigh ann, nó thairis nó faoi nó aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.”
Is Comhlacht Forordaithe nó Comhairleach Reachtúil í An Chomhairle Ealaíon sa phróiseas pleanála, faoi An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Ceanglaítear
ar Údaráis Phleanála iarratais phleanála a sheoladh a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar na healaíona agus ar an gcultúr, lena n-áirítear foirgnimh a bhfuil tábhacht ailtireachta chomhaimseartha leo, chuig an gComhairle Ealaíon le hathbhreithniú
agus trácht a dhéanamh orthu.
Ba cheart d’Údarás Pleanála fógra a thabhairt i leith na Comhairle Ealaíon , mar chomhlacht forordaithe, faoi na cúinsí thíosluaite atá leagtha amach in Airteagal 28(1) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) i gcúinsí ina bhfuil, mar shampla, an fhorbairt bheartaithe
-
suite i limistéar taitneamhachta speisialta, nó go bhféadfadh an fhorbairt bac a chur ar aon dearcadh nó ionchas maidir le luach taitneamhachta speisialta nó sainspéise
-
go mbeidh oibreacha i gceist le déanamh chun, nó cuma déanmhais chosanta nó cuma déanmhais chosanta bheartaithe a mhilleadh, nó ar an taobh amuigh den dhéanmhas atá suite laistigh de limistéar caomhantais ailtireachta,
-
go bhféadfadh sé tionchar a bheith aige ar, bac a chur ar, cur isteach ar, nó a bheith róchóngarach do ghné nó do réad a bhfuil leas seandálaíochta, geolaíocht, eolaíoch, éiceolaíoch nó stairiúil ag baint leo nó gur Séadchomharthaí Náisiúnta iad
Mar aon leis an méid atá thuas tá suim ag an gComhairle Ealaíon in Iarratais Phleanála sna cúinsí seo a leanas;
Forbairtí maidir le bonneagar nua, nó a bhfuil tionchar acu ar, bhonneagar ealaíon agus cultúir atá ann cheana
Forbairtí maidir leis an réimse poiblí nó a bhfuil tionchar acu ar an réimse poiblí ina bhféadfadh rannpháirtíocht shibhialta agus chultúrtha tarlú, amhail cearnóga baile, páirceanna poiblí, foirgnimh phoiblí.
Forbairtí maidir le déanmhais chosanta nó a bhfuil tionchar acu orthu i gcás ina bhfuil suntas oidhreachta cultúrtha nó úsáid chomhaimseartha chultúrtha nó idirghabháil chomhaimseartha ailtireachta
Forbairtí a bhfuil suntas ailtireachta comhaimseartha ag baint leo
Níl aon ról ag an gComhairle Ealaíon sa phróiseas Iarratais Phleanála i gcúinsí nach gcomhlíonann na critéir thuasluaite.
Ba cheart an Chomhairle Ealaíon a chur ar an eolas freisin faoi na coinníollacha seo a leanas a bhaineann go sonrach le hobair an Údarás Áitiúil féin ó thaobh pleanála agus forbartha de (seachas iarratais tríú páirtí a dhéantar leis an Údaráis ar fhorbairt).
Tugtar mionsonraí ar na nithe sin sna hachtanna seo a leanas An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).
Alt 11 – dréachtphlean forbartha a ullmhú
Alt 12 – plean forbartha a dhéanamh
Alt 13 – athrú ar phlean forbartha
Alt 24 – comhchomhairliúchán maidir le treoirlínte pleanála réigiúnacha
Alt 55 – nós imeachta chun ábhar a chur leis an taifead ar dhéanmhais chosanta nó a scriosadh as
Alt 85 – scéim rialaithe pleanála speisialta
Alt 175 – Measúnacht tionchair timpeallachta ar fhorbairt áirithe arna déanamh ag údaráis áitiúla nó thar a gceann.
Le tuilleadh eolais a fháil, seol ríomhphost chuig planning@artscouncil.ie
Tabhair faoi deara nach bhfuil muid ag glacadh le haighneachtaí cruachóipe faoi láthair, agus ba chóir naisc ábhartha a chur san áireamh i do ríomhphost.