Nuair a labhraímid faoi rannpháirtíocht an phobail sa Chomhairle Ealaíon, bímid ag labhairt ar an teagmháil a bhíonn ag daoine leis na healaíona comhaimseartha nó a dtaithí orthu. Tá réimse ollmhór bealaí ann inar féidir leis seo tarlú – mar shampla,
mar bhall de lucht féachana/éisteachta ag dráma nó ceolchoirm, trí úrscéal a léamh, trí pháirt a ghlacadh i gceardlann ealaíne, trí chúrsa ealaíne a dhéanamh, trí chabhrú go deonach ag féile ealaíon nó ag ionad ealaíon, nó trí bheith páirteach in
amharclannaíocht óige áitiúil.
Mar an ghníomhaireacht stáit atá freagrach as na healaíona a fhorbairt, tá suim ag an gComhairle Ealaíon eolas a fháil faoin gcaoi a dtéann daoine i ngleic leis na healaíona ag gach leibhéal agus tuiscint a fháil ar an luach atá ar na healaíona i sochaí
na hÉireann.
Maidir lenár n-infheistíocht dhíreach sna healaíona, is suim leis an gComhairle Ealaíon trí chineál rannpháirtíochta pobail:
Nuair a bhíonn an pobal páirteach mar bhaill de lucht féachana agus éisteachta (léitheoirí, éisteoirí, breathnóirí) na n-ealaíon comhaimseartha arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon;
Nuair a bhíonn an pobal páirteach mar rannpháirtithe nó mar chomhoibrithe i gcleachtais ealaíon arna maoiniú ag an gComhairle Ealaíon. Mar shampla, grúpa ban ón Lucht Siúil ag obair go comhoibritheach le déantóir amharclannaíochta;
Nuair a bhíonn daoine páirteach go gníomhach sna healaíona i gcáil dheonach nó amaitéarach. Mar shampla, baill d’amharclann ógra nó cór óige.
Uirlisí
Bhur bpleananna do Rannpháirtíocht an Phobail
Íoslódáil (PDF, 709 KB)
Gluais – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh
Gluais téarmaí i ngnáth-Ghaeilge a úsáidtear go coitianta i Straitéis na Comhairle Ealaíon – Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016-2025)
Íoslódáil Gluais Téarmaí (PDF, 460 KB)
An tslí le sprioc ó thaobh lucht féachana/éisteachta a leagan amach
Cuirtear creat ar fáil sa treoir seo chun cabhrú leat spriocanna ó thaobh lucht féachana/éisteachta atá réadúil agus uaillmhianach a leagan amach a chabhróidh le d’eagraíocht a cuid aidhmeanna, a misean agus a fís a bhaint amach. Cuireadh ar fáil é mar
threoir d’eagraíochtaí a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar mhaoiniú ón gComhairle Ealaíon.
Íoslódáil (PDF, 915 KB)
Mapáil mo lucht féachana
Déanann an uirlis ar líne seo mapáil ar na sonraí daonra ó Dhaonáireamh 2016 in aghaidh 82 ionad ealaíon, gailearaí agus ionad tionóil ar fud na tíre. Measaimid go bhfuil sé an-áisiúil ag soláthraithe ealaíon eile a bhfuil suim acu tuilleadh a fháil amach
faoi lucht féachana a d’fhéadfadh a bheith ann i gcomhair clár agus imeachtaí laistigh de sprioc-láthair.
Bain úsáid as an uirlis
Taighde
Freastal, Rannpháirtíocht & Rannpháirteachas leis na hEalaíona in Éirinn in 2018
Féachann an taighde seo ar fhreastal, rannpháirtíocht, iompair agus meonta ó thaobh an phobail de. Cé a fhreastalaíonn agus nach bhfreastalaíonn ar imeachtaí ealaíon? Céard a spreagann daoine nó a chuireann bac orthu páirt a ghlacadh? Céard is maith le
daoine faoina rannpháirteachas?
Tuilleadh eolais
Arts and Cultural Participation among Children and Young People: Insights from the Growing Up in Ireland Study
hoimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon an taighde seo chun ár bhfaisnéis agus ár dtuiscint ar rannpháirtíocht leanaí i saol cultúrtha agus ealaíon na hÉireann a fheabhsú. Tarraingítear ar shonraí in Ag Fás Aníos in Éirinn sa taighde seo, a rinne an ESRI
thar ceann na Comhairle Ealaíon, agus iad ag measúnú rannpháirtíocht sna healaíona agus rannpháirtíocht chultúrtha go sonrach i measc leanaí 3, 5, 9 agus 13 bliana d’aois.
Íoslódáil an Tuarascáil (PDF, 10MB)