Réamhrá
Tá comhaontú deich mbliana dar teideal Creatlach don Chomhoibriú 2016 – 2025 idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA) ina leagtar béim ar an luach a bhaineann le 30 bliain den chomhpháirtíocht agus ina n-aithnítear na leasa comónta atá againn agus na spriocanna ba mhaith linn a bhaint amach. Baineann trí cinn de na spriocanna sin go sonrach le tacaíocht d’ionaid ealaíon:
- Deiseanna agus tacaíochtaí d’ealaíontóirí agus dóibh siúd a oibríonn sna healaíona a fheabhsú.
- Barr feabhais a chur ar ár n-infheistíocht chomhroinnte sna healaíona agus a chinntiú go bhfuilimid ag cur acmhainní ag obair ar an mbealach is cothroime agus is éifeachtaí.
- Comhtháthú éifeachtach a dhéanamh ar phríomhphrionsabail an chomhaontaithe seo i straitéisí pleanála agus forbartha na Comhairle Ealaíon agus na n-údarás áitiúil amach anseo.
The Arts Centre Review
Mar bhealach amháin chun na cuspóirí seo a bhaint amach chomhchoimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon agus CCMA ‘Athbhreithniú ar Ionaid Tionóil’ go déanach sa bhliain 2018 agus bronnadh an tairiscint ar CHL Consultants a chuaigh i mbun oibre in 2017.
Táthar ag súil go gcuirfidh an tairiscint seo fianaise, léargas agus treoir ar fáil don rialtas áitiúil agus don Chomhairle Ealaíon faoin gcaoi is fearr le tacú le bonneagar na n-ionad ealaíon go náisiúnta amach anseo. Foilsíodh na téarmaí tagartha don athbhreithniú ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon.
Is staidéar an-tábhachtach é, ina léirítear ár gcur chuige comhoibríoch agus beidh an staidéar mar bhonn eolais do bheartais agus straitéisí a fhorbróidh CCMA agus an Chomhairle Ealaíon astu féin agus i gcomhar lena chéile maidir le hionaid ealaíon.
Beartais agus Straitéisí a thiocfaidh as an Athbhreithniú
Mar athbhreithniú neamhspleách, ní ghlacann an Chomhairle Ealaíon ná CCMA leis na torthaí mar bheartas. Aontófar astu féin aon chomhbheartas, comhstraitéis nó comhphlean cur chun feidhme de chuid na Comhairle Ealaíon agus CCMA i ndáil le bonneagar ionad ealaíon agus foilseofar astu féin iad freisin.
Leanfaidh CCMA agus an Chomhairle Ealaíon araon den obair a dhéanamh i gcomhar lena chéile maidir le moltaí arbh fhéidir taighde a dhéanamh orthu i gcomhar nó iad a chur i bhfeidhm i gcomhar tríd an gComhghrúpa Idirchaidrimh Bainistíochta agus Oibre.
Leanfar ar aghaidh leis an obair seo in 2019 agus in 2020 agus tá sí ina cuid den phlean oibre a tháinig chun cinn ó Creatlach don Chomhoibriú.
Ba cheart breathnú ar an Athbhreithniú agus ar cur chun feidhme aon cheann de mholtaí an athbhreithnithe i gcomhthéacs Thionscadal Éire 2040 – An Chreat Náisiúnta Pleanála. Is creat foriomlán beartais agus pleanála é Éire 2040 d’fhorbairt shóisialta, gheilleagrach agus chultúrtha na tíre.