Aistear na Scoileanna Ildánacha
Clár dhá bhliain is ea Scoileanna Ildánacha, clár ar féidir le gach bunscoil, iar-bhunscoil agus suíomh Ógtheagmhála i bPoblacht na hÉireann páirt a ghlacadh ann.
Seo a leanas na trí chéim amlíne do Scoileanna Ildánacha 2022:
Céim 1 - Faigh tuiscint (Idir Samhain 2022 agus Bealtaine/Meitheamh 2023)
Céim 2 - Forbair do Phlean Scoile Ildánaí (Idir Aibreán 2023 agus Nollaig 2024)
Céim 3 - Cuir tús le do Phlean Scoile Ildánaí a chur i bhfeidhm (Idir Meán Fómhair 2023 agus Meitheamh 2024 agus ina dhiaidh sin)
2022 Oiliúint do Chomhordaitheoirí Scoile Ildánaí
Reáchtáladh laethanta oiliúna do Chomhordaitheoirí Scoile Ildánaí 2022 idir 15 agus 29 Samhain le seisiúin oiliúna i mBaile Átha Luain, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus ar líne. Ar fud na n-imeachtaí, cuireadh sraith cás-staidéari láthair a léirigh
na bealaí éagsúla ar ghlac scoileanna páirt sa chlár. Seo thíos naisc chuig na cuir i láthair go léir ón oiliúint do Chomhordaitheoirí Scoile Ildánaí 2022, lena n-áirítear na cás-staidéir a chuir Comhlaigh Chruthaitheacha i láthair:
Cruthaitheacht agus Oideachas
Ceisteanna Coitianta
Tá ceisteanna coitianta sna doiciméid seo chun cabhrú le hionduchtú scoileanna 2021 agus 2022:
2022 ceisteanna coitianta
2021 ceisteanna coitianta
Tuilleadh Faisnéise agus Acmhainní
Tá tuilleadh eolais sa chuid seo ar an tionscnamh agus ar na hacmhainní a d'fhéadfadh a bheith úsáideach duit:
Scoileanna Ildánacha ar an Teilifís
- Le CSTV, cuireadh obair na gComhlach Cruthaitheach i láthair leanaí agus daoine óga fad a bhí siad sa bhaile nuair a cuireadh srian orthu dul ar scoil mar thoradh ar COVID-19.
- CSTV ar YouTube
Clár Faisnéise le RTÉ ar Leanaí Cruthaitheacha
Rinne Clár Faisnéise ar Leanaí Cruthaitheacha scannánú ar shaol roinnt Scoileanna Ildánacha ar fud na hÉireann,
agus léirigh siad a gcuid oibre agus guthanna na leanaí agus na ndaoine óga a bhí páirteach ann.