Tabhair cuairt ar leathanach na dTeimpléid Íocaíochta chun doiciméid ábhartha a íoslódáil.
Bainigí
úsáid as ARN bhur scoile chun logáil isteach ar shuíomh gréasáin Sheirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon.
Is é is ARN ann uimhir thagartha ealaíne do scoile. Teastóidh sé uait mar aon le pasfhocal chun rochtain a fháil ar do chuntas Seirbhísí
Ar Líne. Is ionann ARN agus ‘Arts Reference Number’ nó Uimhir Thagartha Ealaíon.
Tá
ARN ar bharr na litreach tairisceana a fuair an scoil ón gComhairle Ealaíon.
Mura féidir leat an litir a aimsiú, téigh i dteagmháil le foireann na
Scoileanna Ildánacha ag creativeschools@artscouncil.ie.
Agus
tú ag logáil isteach sna Seirbhísí
Ar Líne, tá leid, “Mo phasfhocal dearmadta”, ar an bpríomhleathanach. Má
chliceálann tú ar “Mo phasfhocal dearmadta” gheobhaidh tú pasfhocal sealadach
ar an seoladh ríomhphoist a d’úsáid tú chun clárú.
Déan athbhreithniú ar an treoir íocaíochta a
seoladh amach in éineacht leis an litir thairisceana ón gComhairle Ealaíon. Ba
cheart éilimh a dhéanamh ar íocaíochtaí a íocfar ina dhá tráthchuid (an chéad
tráthchuid agus an ceann deireanach) tríd an rannán Sheirbhísí ar Líne. Beidh
ARN agus pasfhocal do scoile ag teastáil chun íocaíocht a iarraidh.
1. Uimhir Chánach Éireannach
2. Sonraí cuntas bainc
3. Cosaint agus Leas Leanaí - Foirm Féin-iniúchta i gcomhair Dearbhú Cáilíochta (CLL Foirm Féin-iniúchta)
Beidh riachtanais do cháipéisí
íocaíochta éagsúil ag brath ar an uair a fuair do scoil a cuid maoinithe. Féach
an rannóg Teimpléid
Íocaíochta chun na cáipéisí a theastaíonn a fháil.
Ní bheidh teastas cánach de dhíth ort ach amháin sa chás gurb ionann agus €10,000 nó níos mó an maoiniú a fuair
tú ón gComhairle Ealaíon, lena n-áirítear an tairiscint reatha, laistigh de
thréimhse 12 mhí.
Téigh
chuig do chuntas sna Seirbhísí ar Líne agus logáil isteach. Is féidir leat do
chuid sonraí a nuashonrú sa táb ‘Do Chuntas a Uasdátú - Eolas teagmhála’.
Téigh
chuig do chuntas sna Seirbhísí ar Líne agus logáil isteach. Is féidir leat do
chuid sonraí bainc a nuashonrú sa táb ‘Do Chuntas a Uasdátú - Sonraí bainc’.
Ní
chaithfidh. Murar tharla aon athrú, ní bheidh gá le haon nuashonruithe.
Ní féidir. Ní mór na cáipéisí go léir a chur isteach
ar shuíomh gréasáin Sheirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon.
Gheobhaidh
tú faisnéis faoi na Scoileanna Ildánacha ar shuíomh gréasáin na Comhairle
Ealaíon: www.artscouncil.ie/ga/scoileanna-ildánacha/
Cláraigh le
nuachtlitir in aisce na Comhairle Ealaíon a gheobhaidh tú go míosúil, i
gcomhair deiseanna sa todhchaí agus nuacht a bhaineann leis na healaíona