Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a hAon
Dé Céadaoin 12 Bealtaine ag 12i.n.
Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a Dó
Dé Céadaoin 12 Bealtaine ag 12i.n.
Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a Trí
Déardaoin 13 Bealtaine ag 12i.n.
Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a Ceathair
Déardaoin 13 Bealtaine ag 12i.n.
Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a Cúig
Dé hAoine 14 Bealtaine ag 12 i.n.
Seachtain na Scoileanna Ildánacha: Clár a Sé
Dé hAoine 14 Bealtaine ag 12 i.n.
Is éard atá i gceist le
Seachtain na Scoileanna Ildánacha ná cruthaitheacht a cheiliúradh i scoileanna
agus a cheiliúradh ar líne. Le linn na seachtaine seo cuirtear deis ar fáil
chun an saothar iontach, cruthaitheach go léir atá ar bun i scoileanna a
roinnt, a thaispeáint agus a nascadh le chéile.
Bunaithe ar
phróiseas comhairliúcháin le páistí agus le daoine óga is é téama Sheachtain na
Scoileanna Ildánacha i mbliana ná Todhchaí Úrnua, d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh
ar chrógacht páistí agus ar dhaoine óga i gcaitheamh bliain chrua, agus muid ag
súil le saol maith a bheith i ndán dúinn.
Ceiliúradh
sa Scoil: Is féidir le scoileanna agus ionaid ar fud na tíre a
gcuid imeachtaí ceiliúrtha féin a chruthú agus a óstáil. Bealach iontach iad na
himeachtaí sin le ról a thabhairt do dhaoine óga ina gcuid turas cruthaitheach
agus iad a chumhachtú chun iad a chur i láthair.
Ceiliúradh ar Líne: Bígí linn ar an
12-14 Bealtaine (ó 12 nóin gach lá) mar go mbeimid ag taispeáint saothair ó
rogha Scoileanna Ildánacha, chomh maith le ceardlanna, agallaimh agus gnéithe
thar réimse leathan ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne agus cultúrtha
éagsúla. Is deis iontach é seo foghlaim faoi phobail scoile ar fud an
tionscnaimh chomh maith lena modhanna cruthaitheacha foghlama agus freagraí
ealaíonta ar Covid 19. Is léiriú iad na scoileanna a thaispeántar ar os cionn
460 scoil a ghlac páirt i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha ó 2018 ar aghaidh
agus roghnaíodh iad mar chuid de phróiseas iomaíoch a bhí oscailte do na
rannpháirtithe sin.
Lean
#ScoileannaIldánacha ar na meáin shóisialta chun breathnú ar imeachtaí atá á
roinnt ag scoileanna ar a gcuid meán sóisialta.
Cláir
Sheachtain na Scoileanna Ildánacha le haghaidh na n‑eagrán:
Pacáistí le haghaidh Sheachtain
na Scoileanna Ildánacha Le haghaidh gach Scoil
Pacáistí le haghaidh
Sheachtain na Scoileanna Ildánacha Le haghaidh na Scoileanna Ildánacha
Rannpháirteacha in 2018, in 2019 & in 2020
Baineann sé
seo leis an dá ghrúpa Scoileanna
- Póstaer
- Stiallbhratacha
- Treoracha
Comhfhreagracha