Iarraimid ar gach scoil (bunscoileanna, iar-bhunscoileanna, scoileanna oideachais speisialta agus ionaid Ógtheagmhála) in Éirinn na healaíona agus an chruthaitheacht a cheiliúradh ón 8 ‑ 12
Bealtaine 2023. I mbliana spreagann an téama “Tá Beocht na Cruthaitheachta Anseo” pobail scoile chun sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar na háiteanna a bhfuil an chruthaitheacht le feiceáil inár saol, i ngach rang, i ngach scoil agus in eispéiris
gach scoláire. Is deis í an tseachtain seo le díriú ar an gcruthaitheacht seo a cheiliúradh, b’fhéidir ag cur le heispéiris na scoláirí i bhfoirm imeachtaí nó ceardlainne agus ardán a chur ar fáil le léiriú a chruthaithí agus is féidir le gach scoil
a bheith.
Más rud é go bhfuil do scoil mar chuid den tionscnamh Scoileanna Ildánacha cheana, is iontach an deis í an tseachtain seo chun do thuras go dtí seo a cheiliúradh!
Cuimsíodh Ceiliúradh ar Líne leis an gceiliúradh sna blianta roimhe seo inar tugadh rogha Scoileanna Ildánacha agus tionscnamh Braislí Cruthaitheacha ó 2018 chun solais, chomh maith le ceardlanna, agallaimh agus gnéithe thar réimse leathan ealaíontóirí
agus eagraíochtaí ealaíne agus cultúrtha éagsúla. Tugtar cuireadh duit féachaint ar na físeáin seo i dteannta do scoláirí chun foghlaim faoi phobail scoile ar fud an tionscnaimh agus faoina modhanna cruthaitheacha foghlama agus faoina bhfreagraí
ealaíonta ar Covid 19. Is léiriú iad na scoileanna a thaispeántar ar na scoileanna (os cionn 460
scoil) a ghlac páirt i dtionscnamh na Scoileanna Ildánacha ó 2018
Creative Schools
Week 2021 Online Celebration: Episode 1 - Primary
Acmhainní:
An bhfuil aon cheist agat?
Is féidir go leor freagraí a fháil ar ár leathanach Ceisteanna Coitianta!
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Foireann na Scoileanna Ildánacha ar creativeschools@artscouncil.ie.