(chlé - ceart) Sinead Dowling (Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Cheatharlach), Jenny Sherwin (Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Chill Mhantáin), Monica Corcoran (Bainisteoir Forbartha Straitéisí na Comhairle Ealaíon), Pat Delaney (Ceann Airgeadais: Airgeadas, Córais Faisnéise, Ealaíona agus Cultúir), Moira Murrell (CCMA / Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chiarraí), An Clr. Fintan Phelan (Cathaoirleach, Comhairle Contae Cheatharlach), Fearghus Ó Conchúir (Córagrafaí agus Ealaíontóir Rince), Catherine Martin TD (An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán), Maureen Kennelly (Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon) agus Paula Phelan (POF Eatramhach agus Stiúrthóir Ealaíne VISUAL, Ceatharlach) Creidmheas Íomhá: Hannah Jane Photography
Rinne an Chomhairle Ealaíon agus
Rialtas Áitiúil comh-óstach ar a tríú comhdháil dhébhliantúil, Places Matter,
an 24 agus 25 Márta 2022 in VISUAL, Ceatharlach. Le blianta beaga anuas, tá
méadú tagtha ar na deiseanna chun infheistíocht a dhéanamh i mbailte,
cathracha, sráidbhailte agus áiteanna tuaithe i ndéanamh áite an fhearainn
phoiblí, moil chultúrtha agus dhigiteacha nó forbairt ealaíon áitbhunaithe agus
chun machnamh a dhéanamh orthu. Rinne an chomhdháil imscrúdú ar ról earnáil na
n-ealaíon in ábhair bunaithe ar áiteanna mar phleanáil, ceartas spáis, comhtháthú
sóisialta agus comhshaol.
Chuir Maureen Kennelly
(Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon), Moira Murrell (CCMA) agus an Comh. Fintan
Phelan, Cathaoirleach, Comhairle Contae Cheatharlach. Sheol Catherine Martin
TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Beartas Spásúil, Áit, Spás agus Daoine na Comhairle Ealaíon. Is aistriú láidir
é an beartas nua seo i mbeartas na Comhairle Ealaíon chuig an nóisean de chur
chuige atá dírithe ar dhaoine agus áit agus i dtreo cothromas soch-spásúil níos
fearr a bhaint amach.
Ba iad na príomhchainteoirí ná
Emmanuel Pratt ón Sweet Water Foundation i Chicago agus Valerie Mulvin, ailtire
(McCullough Mulvin Architects) agus údar Approximate Formality, Morphology of
Irish Towns. Bhí seisiúin dhioscúrsacha ann le painéil lena n-áirítear
drámadóirí, pleanálaithe, gníomhaithe, ailtirí, ealaíontóirí agus lucht acadúil
a rinne iniúchadh ar dhoimhneacht agus éagsúlacht an ábhair agus na
rannchuidithe.
Ba mhaith leis an gComhairle
Ealaíon in éineacht lenár gcomhpháirtithe rialtais áitiúil buíochas a ghabháil
leis na rannchuiditheoirí agus na toscairí go léir as freastal go pearsanta
agus ar líne agus as ábhar saibhir spreagúil a sholáthar dúinn chun an obair a
dhéanaimid sna háiteanna atá tábhachtach dúinn a spreagadh.
Cliceáil anseo le do thoil chun seisiúin a fheiceáil
Íoslódáil an clár digiteach anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis
an bhFoireann Áitiúil, Áite agus Ealaíne Poiblí placematter@artscouncil.ie